Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 163](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1090%2FCBES_1090_163.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 163
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 163
- XML “Díol agus Ceannacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aige agus bhéárfadh sé laethe oibre do'n fhear sin san earrach.Deirtear go mbéidh ádh ar ghnaithe ar bith a toisghtear Dia Máirt agus go mbéidh mí-ádh ar ghnaithe ar bith a thoisightear Diardaoin. Roimhe seo ní dhíolfadh duine ar bith chomhair a bheith ainmhidhe Dia Domhnaigh agus tá corr dhuine nach ndíolfadh iad go fóill Dia Domhnaigh.Bíonn margadh i Ros-na-Cille i gCeathramha-Caoil agus i mBaile na nGallóglach. Tá siad sin uilig ann go fóill.Bá ghnáthach le fearr a bheith ag gabhail thart ag díol éadaigh agus pionnaí agus rudaí mar sin. Bhíodh sé ag cruinnigheadh fionnaidh capaill agus croichne chuinín. Bhéarfadh sé péire stocaí nó rud éiginteacht mar sin ar an oiread seo croicne no fionnaidh.Deirtear má bheireann duine airgid duit nuair atá tú ag gabhail ar aistear agus píosa trí pighne a bheith ann deirtear nach mbéidh ádh ort mur gcaithfidh tú an píosa trí pighne i chead uair. Tomás Mac an t-Saoir, Seanach
- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall