Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 166
- XML “An Tiarna Talaimh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Badh é Iarla Liadhtram tighearna talaimh an cheanntair seo. Níl fhios agam cá fhad atá siad 'san áit.Char shíl na daoine mórán de shean Liadhtrom. Bhí fuath ag na daoine dó. Cuireadh go leór de na daoine ins an cheanntar seo as seilbh. Nuair a chuireadh sé amach iad bhéarfadh sé oiread airgid dóbhtha agus bhéarfadh go Meiriceá iad. Nuair a chuirtí amach iad d'imthigheadh siad go Meiriceá. Cuireadh duine amach i mBaile an Chnuic agus dóghadh an teach. Cuireadh duine eile amach i mBaile na Brocaigh agus leagadh an teach an oidhche sin. (?) a rann an talaimh in a fheirmeacaibh. Tá sin fá thuairim ocht mbliadhna agus ceithre fichid ó shoin.Rinn sé claidheacha thart fá na feirmeacha i chead-uair. Is cuma caidé a d'iarrfadh sé ortha a dheánamh chaithfeadh siad é a dheanamh. Bhí sé ag baint mónad amuigh i gcnoc Dhrom na Créige agus thug sé ar na daoine bealach mór a dheánamh dó amach fhad leis an mhóin.Bhí daoine darbh ainm na Gallchabhairigh as Magh Rois ag cruinniugheadh Deachmhaidhthe ins an t-sean aimsir. Chaithfeadh siad airgead a dhíol agus mur mbéadh airgead ar bith aca le díol bheárfadh siad leó muca nó ainmhidhthe nó caiple.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall