Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- XML Leathanach 0003
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh aon fhocal Béarla fadó i Múinteach agus thárla sé go dtainigh fear go gallaimh a muinneach focal Béarla do dhuine ar chuig puint. Cheap muinntir an Mhúinteach go mba mhór an náire an baile a bheith gan focal béarla agus chuiadh siad le chéile agus chruinnnigh siad cúig puint . Cheap siad annsin nár mhor díobhtha fear glic a chur go Gaillimh a'fhoghluim focal Béarla . Dubhairt duine le chéile aca go mba é Peadar bhill bheall an fhear ba chliste a bhí ar an mbaile . Sul má dimthigh Peadar cheap siad go mba é an focal a bfearr dó fhoghluim , a bheith in 'an beannú do dhuine nuair a chasaidh leis ar an mbóthar.
Tugadh na cúig púint do Pheadar agus bhuail sé bóthar isteach go Gaillimh go ndeacha sé ag fear a' Bhéarla . D'iarr an fear sin dhó cé'n sórt focal ba mhian leis fhoghluim agus dubhairt Peadar gur cheap sé nach raibh focal ar bith ba feileamhnuighe ná bheith in ann beannúghadh do dhuine nuair a chasadh sé leat. bhfuil sin adeir an Béarluicheán "Good Morrow" agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe