Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- XML Leathanach 0113
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fear airithe a phosadh ní bhiodh le sochrú aca acht an spré. Annsin tugadh an fear an buidéal d'uisge beatha d'athair agus máthair an chailín. Annsin d'imthigheadh sé abhaile go dtí teach an fhir agus d'innsigheadh sé an sgéal dó.
Cúpla oidhche na diaid sin thagadh an fear a bhí ion-pósta agus an fear eile go dtí teach an chailín leis an spré a shocráidh. Fadó ní thugadh siad airgead mar spré. Tugadh siad cúpla caorach mar spre. Nuair a bhíodh gach rud socruighthe aca thagadh an fear go dtí teach an chailín an maidin a beadh sochruighthe aige le dul go dtí an seipéal. - Ní phosann aon duine san gcarghaos nó mí na Bealtaine. Acht san Inid an t-ám is mó san mbliadhain a phósann siad san áit seo. Bhíodh spórt mór ag na daoine fadó nuair a phosadh duine. Nuair a thagadh an cailín nua pósta isteach san teach ar dtús, bhíodh cáca(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe