Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Siad an bhó an capall, an muc, agus an chaora, na h-ainmhidhte feilme atá san áit seo. Tá trí ba againn sa mbaile. Nuair a bhíonn duine ag tiomáint na ba deireann sé, "habha, habha". Teach na mbó seadh tugann muid ar an stábla 'na mbíonn siad san oidhche. Cuireann muid túighe mar easair fútha san oidhche.
Ceanngluigheann muid na ba le ceanngleacháin idir dá mhaide, agus le slaoradh nó giota de rópa thart timcheall an muinéal. Déanann na daoine na ceannglacháin sa mbaile.
Ní cheanngluigheann muid na laoghanna le rud ar bith acht iad a leigint isteach i stábla beag agus san samhradh nuair a bhíonn an aimsear te ní cuirtear isteach ar chor ar bith iad, acht san Geimhread(h) nuair a bhíonn an aimsear fuar fliuch coinnightear isteach iad go mbheadh siad suas le trí mhí nó mar sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe