Scoil: Cúl Árann (Clochar)

Suíomh:
Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0020, Leathanach 0086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0020, Leathanach 0086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl Árann (Clochar)
  2. XML Leathanach 0086
  3. XML “Pisreoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Má thuiteann an tlú isteach san teine, beidh strainséar ag teacht.
    Dá mbeadh duine ag déanamh ime agus duine eile san teach ní ceart an teach a fhághail gan a lamh a leigint ar an gcuinneóig.
    Ní ceart an t-uisge a nigheas corp a chaitheam amach go mbeadh an corp imthighthe as an teach.
    An t-uisge a nigheann duine a cosa ann ní ceart e sin a fhágaint san teach ar feadh na h-oidhche.
    Ní ceart an rud don athair cuabán a dhéanamh i gcóir an páiste is aosta sa teach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Mhóin Ard, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Seósamh Ó Bhriain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Mhóin Ard, Co. na Gaillimhe