Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na ba, na capaill, na beithidhigh, na muca, na caoraigh agus eallaigh ainmhidhthe na feilme.
Na ba:- Nuair a bhíonn muid ag tiomáint na ba deireann muid "habha, habha" agus "gabh amach annseo". Cró na mbó a tugann muid ar teach na mbó. Túighe is mó a cuireann siad mar easair faoí na buaibh timceall an cheanntair seo. Ceangluightear na ba le slabhraí istigh sa gcró acht ní ceangluightear na laoghanna ar chor ar bith. Nuair a bhíonn na mná ag bleaghadh na mbó cuireann siad crosóg bainne ar na mbó ionas nach mbainfheadh na sídheoga an at-úachtar den bhainne.
Na capaill:- "Gread amach" a deireann na fir nuair a bhíonn siad ag tiomáint na chapaill agus deireann siad "phthreagh" nuair a bhíonn siad ag glaodhadh ortha. Tuighe a chuireann siad fuatha san stábla mar an gceadhna leis na mbó. Nuair a bhíonn cruidhte ag teastáil uatha tugann siad go dtí an ceardchain iad agus cuireann an gabha suas iad. Déanann siad iad do clúmh-bhearradh i ndeire an Geimhridh.
Na caora:- Ní cuirtear isteach na caora ar chor(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe