Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a fuair na gaill greim ar an tír seo bhain síad an talamh de na tuataibh agus cuireadh tíghearnaí isteach i na n-aít. Se an tighearna a raibh an talamh aige ins an gceanntar seo Colonel Seymour. Bhí sé fhéin agus a mhac Walter ar na fearaibh ba mhó cáil agus clú í nGaillimh. Bhí Walter i n-a Secretary ins an Grand Jury i nGaillimh. Ó Shasana seadh a shiolruigh siad agus bhí a shliocht ortha. Bhí síad ag fághail an cíos ba mhó i gConnachta ar a gcuid talmhan agus bhí síad an-chruaidh amach 's amach. Bhí árus cómhnuighthe aca i n-aice léBéal-Átha-na-Sluaighe acht thagadh ceann aca go Baile an Mhuilinn i-na raibh oifig aige ann lé cíos na talmhan do bhailiú.Bhí tighearna talmhan eile i na chomhnuidhe i n-aice Dhúnmhór agus bhí cuid de daoine na h-áite seo mar tunóntaí aige. Handcock d'árbh ainm dó-san. Bhí daoine bochta i n-aice na háite seo nach raibh in ndon cíos na talmhan íoc agus nuair a thagadh na póilíní no na R.I.C. cun Seizure do dheanamh chuireadh na daoine ainm duine eile ar a gcuid stoc. Sin scéim a bhí aca lé na gcuid fhéin a choinneál.M'athair Tomás Ó Grádaigh d'innis
- Bailitheoir
- Seán Ó Grádaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Grádaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann