Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal faoi shionnach
Tá cuid de na h-ainmhidhthe atá ins an tír seo an-ghlic mar an sionnach, an mada agus an cat. Seo sgéilín beag faoi an sionnach ag teasbáint a ghliocas dúinn.
Bhí fear in a chomhnaidhe i Lis Caomhaigh fadó agus bhí go leor lachan aige. Aon mhaidin amháin agus é ag dul amach ar an tsráid d'fosgail sé doras tigh na lachan agus céard a chífeadh sé isteach sa teach act na lachain ar fad marbh agus madairín beag dearg in a luigheadh i lár an tigh marbh freisin mar a shíl sé. Níor fhéad sé tada a dhéanadh acht rith isteach go dtí a bhean chun i a innseacht agus tháinig siad amach ag rith chun an madairín a fheiceál act ní raibh aon mhada ann bhí sé imthighthe. Ní hé mada a bhí ann act sionnach.
Tá sgéal le innseacht agam faoi chú agus is cú-ghlic a bhí ann. Bhí girrfiadh in áit eicínt in aice na h-áite seo agus níor fhéad cú ar bith breith air mar nuair a bhíodh cú in a dhiaidh rachadh sé isteach i sean teach agus sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán de Bláca
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire de Bláca
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann