Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Maigdean an Cúil Ombra
Bhí beirt dearbhrathair ann agus bhí an bheirt posta. Ní raibh acht aon mhac amháin ag dearbhrathair aca agus núair a bhí sé ar leabaidh a bháis dúbhairt sé leis an dearbhráthair eile a mac a thógáil dhó acht an céad úair nach ndeánfadh sé mar deárfadh sé leis é a chur chun bealaigh.
Bhí ceithre láracha fichead aca agus bliadhai[n] tar éis bháis an dearbhrathair bhí trí searaigh fichid buineann aca agus aon bhromach amháin agus ní fhacaidh tú aríamh bromachín chomh deas leis. "Téirigh" ars' an dearbhathair [!] leis an mbuachaill "agus marbhuigh na trí shearaigh fichead sin". Chuaidh an buachaill ama[ch] agus marbhuigh sé na trí searaigh fichead agus bhí cead ag an mbromachin beith a' dúil ar na ceithre laracha fichead. An bliadhain dar gcionn bhí ceithre searaigh fichead aca agus bhí síad ar fad buinean[n.] "Téirigh amach" ars' an t-uncail leis "agus marbhuigh n[a] ceithre searaigh fichead sin." Chuaidh an buachaill amach agus marbhui[gh] sé na ceithre searaigh fichead go dtug sé cead do'n bhromachín bheith dúil ar na ceithre laracha fichead an bliadhain sin aríst.
An tríomhadh bliadhain bhí ceithre searaigh fichead buineann ag na lárachaibh. "Gabh amach" ars an t-uncail arís leis agus marbhuigh na searai[gh] sin. "Ní racfhad ars an buachaill "Bhead[h] muid saidbhir anois ag na lárachaibh meireach thú"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- P. O Díscín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Micheál Halliday
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dealgain, Co. na Gaillimhe