Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceann de na sean-chuinneóga luithne atá again[n] sa mbaile. Tá clár mór air agus tá an luithne ag teacht suas tríd an bpoll.
Bligheann mo mháthair na ba gach maidin agus gach tráthnóna agus tugann sí isteach é i dtigh an bhainne annsin agus sgagann sí é. Annsin cuireann sí an bainne isteach san inneall deighilte agus deighleann sé sin an t-uachtar d'en bhainne. Déanann sí sin gach maidin agus gach tráthnóna ar feadh cupla uaire agus anns[in] bíonn cuid maith bainne ann annsin le maistreadh a dhéanadh.
Glanann sí an chuinneóg go maith agus sgiúreann sí é agus cuireann sí an bainne isteach agus bíonn sé réidh le déanadh acht shul dá dtosuigheann sí cuireann sí splainncín beag faoi mar is pisreóg é si[n].
Bhí bean suas i bhfearta Gearr fadó agus bhí dhá bhó bhainne aic[i] agus bhí beirt inghean ag déanamh an maistreadh aon tráthnóna agus tháinig duine bocht isteach ag iarraidh déirce. Thug bean an tighe cathaoir dó le suidhe síos ag an teine. Dubh[airt] ná mná óga nach rabhadar i ndhon an maistre[adh] a dhéanadh agus go rabhadar dá uair ag iarraidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán de Bláca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Ciabhaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire de Bláca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios Ciabhaigh, Co. na Gaillimhe