Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal faoi thaidhbhse.Bhí fear ag teacht abhaile ó Dhún Mhór go Baile an Mhuilinn oidhche amháin agus é ar meisge. Bhí air dul thar roilig. Bhí an oidhche fliuch agus bhí cóta breágh mor fairsing air.
Ag dul thar an roilig dhó chonnaic sé an rud bán seo agus cóta bán éadtrom air. Ars' an fear leis "ara cé'n diabhail atá ort a shean-sgraiste." "Cad chuige nach bhfuil cóta maith ort cosamhail liomsa." "Siubhail leat" ars' an taidhbhse "nó ní bheidh an ceann sin i bhfad agat a dhuine chóir".
D'imthigh an fear leis agus sídheóg ina dhiaidh agus a mhaisge fhéin dubhairt an taidbhse cúpla focal leis fhéin gur thuit an fear í lagair í lár an bhóthair gur bhain an taidhbhse a chuid éadaigh dhe acht amháin a bhríste.
Núair dhúisigh an fear bhí náire mór air agus níor ól sé áon deór uaidh sin amach.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Grádaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe