Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha galra a bhuaileas an duine ó'n lá a beirtear é go dtí an lá a dtéidheann sé sa gcré. Tá galraí a bhuaileas an duine lé linn a óige agus nach mbainnean leis uaidh sin amach. Tá galra[í] eile nach mbuaileann duine go dtí go mbíonn sé ina shean-dhuine. Tá go leor bealaighe ag na sean daoine chun galraí a leigheas agus seo mar leanas cuid aca.
Má bhíonn an triuch agat téirigh amach ós comhair fear ar chapall bán agus abair na foclaí seo leo "A fhir an chapaill bháin céard é do leigheas ar an triuch". An leigheas a bhéarfas seisean duit annsin deirtear go gcuirfadh sé deireach leis an triuch. Seo leigheas eile anbhruith na gráineóige a ól.
Se leigheas lé haghaidh pian sa mbolg. Cuir salann te isteach i bpíosa phlainín agus annsin cuir ar do thaobh clé é. Leigheas eile píosa de croiceann crainn darach a ithe.
Má bhíonn tinneas cinn ar dhuine fághadh sé sean stoca olna agus cuireadh sé thart ar a cheann é. Má bíonn sgornac[h] tinn ar duine faghadh sé sean-stoca agus cuireadh sé fataí rósta istigh ann. Chuireadh sé thart ar a sgornach é annsin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padhraic Ó Dólán
- Inscne
- Fireann