Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó shoin bhí sneachta an-mhór ins an tir seo. Thárla sé oidhche amháin agus nuair a d'éirigh na daoine ar maidin bhí an sneachta chomh mór de díon na thighthe.Bhí na caoirigh go léir beagnach marbh acht na cinn a bí cois na gcladhthacha.agus bí sórt simléir déanta aca le na cuid h-anála. Bhíodh síad ag ithe an cré a bhí ar na cladhthacha. Bhíodh daoine amuigh chuile agus maidí fada agus gach áit a chídis simléir romharídis an sneachta agus d'iomparidís an caoire abhaile leó.B'shin é an sneachta ba truime le cuimhine na ndaoine.
- Bailitheoir
- Seósamh Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Poll an tSiúraic, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheal O Maoláin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- SRODFARTAIGH
Is minic a cualaidh mé duine ag srodfartaigh agus deireann gach duine, " Dia Linn ". Tá sé ráidte má srodfar duine trí huaire in a dhiaidh a chéile gur thig leis na sideóga an duine sin a thógáil. Deirtear nuair a deirtear, " Dia linn ", na feidir le na sidheóga an duine a thabhairt leó.
M'athair mór Mícheal O Maoláin a sgríobh Seósamh Breathnach é. D'innis as Pollaturich, Baile' Mhuilinn