Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Is iomdha galra a bhuaileas an duine ó'n lá a beirtear é go dtí an lá a dtéidheann sé sa gcré. Tá galraí a bhuaileas an duine le linn a óige agus nach mbaineann leis uaidh sin amach. Tá galraí eile nach mbuaileann an duine go dtí go mbíonn sé i na seandhuine. Bhí go leór leigheasannaí ag na daoine fadó agus leigheasannaí maithe do bhí ionnta freisin.
Cur i gcás an triuch, deir na daoine má bruightear grainneóg agus an t-anbruith a ól go leigheasóchaidh sé an triuch. Deirtear freisin gur leigheas maith é do'n triuch bainne asaíl a bhruith agus annsin é a ól. Má bíonn tinneas fiacail ar duine tá sé ráidhte má fháightear stoca bán agus sálann garbh a chur isteach ann agus é a goradh leis an teine agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Annraoí Grádaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Grádaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann