Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leor plandaí ag fás anois a b'fhuil leigheasanna ionnta agua a bhfhuil an-áth ionnta freisin. Tá eolas mór agam ar phlanda atá cosamhail lé nóinín agus camomile an tainm a tugtar air. Dá mbeadh súl tinn agat fáigh an camomile sin agus cuir lé do shúil é agus i gceann cúpla lá beidh do shúil go maith aríst.Tá planda éile freisin a dtugtar an buachaill tighe air. Fásann sin ar cheann an tighe sa gcoirnéal agus tá sé ráidhte go mbeadh an-tádh ins an teach sin. Tá sort planda freisin ar a dtugtar ná bileóga báidte air mar coinnín an planda sin ins an uisge.Is minic a chuala mé faoí an dandaline sé sin bláth a fásann ins an cuid is mó do na páirceanna thart timcheall an áit seo tá dath buidhe air agus tá sé ráidte go bhfuil sé an-mhaith dá mbeadh cnámhnaidh tinn ag duine an sórt bainne atá ins an dandaline a cur ortha agus tá sé an-mhaith lé haghaidh cnámhaidh tinne.
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Catháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe