Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Chuaidh amadán go dtí an Baile Mór lá amháin agus chuaidh sé isteach í siopa.”
Chuaidh amadán go dtí an Baile Mór lá amháin agus chuaidh sé isteach í siopa. Chonnaic sé porter jar ar an bhfuinneóg agus d'iarr sé ar an siopadóir céard a bhí ann agus dubhairt an siopadóir gur ubh capaill a bhí ann "agus má chuireann tú an ubh sin faoi cearc go cean seachtmhaine gheobaidh tú capall rasa as", ar seisean, ag magadh.
Ceannuigh an fear an ubh capaill agus nuair a bhí sé ag dul abhaile bhí sé an tuirseach agus shuidh sé síos ar bharr cnuic. Thosuigh an ubh ag ríalail síos an cnoc agus bhuail sé in-aghaidh cloch é agus bhí girrfiadh in-a luighe inaice leis an gcloich agus d'éirigh sé agus chonnaic an fear é agus thosuig sé ag caint mar seo "ó th'anam o'n diabhail féach amach an capall rasá! ara nuair a bheas sí sin ina capall mór ní bheidh capall sa domhan indon theacht suas leis". Cheap an fear go mba capall rása a bhí ann nuair a d'eirigh an girrfiadh amach.- Bailitheoir
- Míceal Mac Giolla Phádhraig
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Péadair Mac Giolla Phádhraig
- Inscne
- Fireann