Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar mo shuílibh a bhí freisin mar chonaiceas an comhluadar ba croidheamhla dá bhfacas ariamh cheana istigh, agus ceol iongantach ar siubhal ag píobaire a bhí sa láthair. Tá an ghrian sean, agus tá an ghealach sean acht bhí cosamhlacht ar an bpíobaire sin go raibh sé níos sine na ceachtar aca, agus í ag gabhaíl fhuinn annsan ar a dhícheall.Bhíos óg sgolbánta san am agus isteach liom thar an gclaidhe de léim. Rugas ar dhá láimh ar mhnaoi óig a bhí in a suidhe léithi féin ar an tulchán agus siúd ag damhsa muid ar nós na heilite maoile go raibh na cosa ag tabhairt uatha le méid ár saothar. A Thighearna! nach aici siúd a bhí an damhsa! Deirim-se libh go rabhas féin tugtha go leór sul ar eirgheas as an damhsa sin, acht bhí an cosamhalacht chéadna ar an mnaoi óig is bhí nuair a thosaigh sí.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Treasa Ní Dhíolúin
- Inscne
- Baineann