Scoil: An Clochar, Port Omna

Suíomh:
Port Omna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Lorcáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Port Omna
  2. XML Leathanach 0253
  3. XML “Réamonn De Búrca”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa mbliadhain 1583 bhí Seán de Búrca in a chomhnuidhe sa gcaisleán i Liath-druim agus bhí leas dearbhráthair aige darbh ainm Uilleog. Bhí an bheirt acu ag aighneas fá'n Iarlacht agus fágadh reidhteach na ceiste ar bhreitheamhnas Malbay - Sasanach a bhí ag creachadh Connacht an tráth sin. agus sé an breitheamhnas a thug sé uaidh -Uilleog a bheith in a Iarla ar Chloinn Riocaird ar fad agus Seán a bheith in-a thighearna ar Bharúntacht Liathdroma. Acht ní raibh Uilleog sásta leis an socrúghadh seo agus cheap sé bealach eile leis an gceist a réidhteach ar mhaithe leis féin.
    I rith na bliadhna thug sé cuairt ar Sheán sa gcaisleán i Liathdroma agus i lár na hoidhche chuir sé sleagh tré chroidhe a dhreathár agus lá'r na bhárach chuir sé clann Sheáin le fuacht is le fán. Duine de'n chlann sin a b'eadh Réamonn De Búrca a tháinig go mór i gceist sa gcogadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge