Scoil: An Clochar, Port Omna

Suíomh:
Port Omna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Lorcáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0297

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0297

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Port Omna
  2. XML Leathanach 0297
  3. XML “Naomh Peadar agus an Saighdiúr”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Dá mbéinn ann an uair sin bí bhéinn ann anois.
    Bhí saighdiúir ann aon uair amháin agus tháinig cogadh ar an ríogh a raibh sé faoi agus bualadh é. Mar sin de b'éigean do'n ríogh mórán de a chuid saighdiúirí a dhíol amach ar phinsín bheag. Díoladh an saighdiúir seo amach fosta agus tháinig sé 'n-a bhaile tuirseach agus gan dada airgid aige acht trí scillinge. Shíl sé gur bhocht an rud dó bheith ghabháil thart sa bhaile agus d'imthigh sé le n-a arán a shaothrughadh.
    D'imthigh sé leis agus gan dada leis acht na trí sgillinge gur casadh fear bocht air ag iarraidh déirce agus thug sé sgilling do'n fhear sin. In dhiaidh tamaill eile ag siubhal casadh fear bocht eile air agus thug sé sgilling do'n fhear seo. Ní raibh fágtha aige anois acht an t-aon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Innéacs seanscéalta
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Dhonnghaile
    Inscne
    Baineann