Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0338](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0057%2FCBES_0057_0338.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0338
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Port Omna
- XML Leathanach 0338
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an nós a bhí ag na tailliúirí síos go leith-chéad bliadhain ó shoin a dhul ó áit go háit. Nuair do bhíodh culai[th] ag teastáil ó dhuine thiocfadh sé chuig an teach sin. Chuirfeadh sé faoi ann agus d'fanfadh sé ann go dtí go mbéadh an culaith déanta aige. Nío[ ] bhíodh aige acht amháin siosúr, miosúr, meárachán agus snáthad. Bhíodh ar na daoine féin an snáithe agus an t-éad[ach] a thabhairt do'n tailliuír - - mar adubhairt Aontaine Ó Reachtabhra agus é ag cur síos ar na fearaibh as Anach Cuain agus ar na mnáibh a báitheadh as agus iad ag dul go Gaillimh ar aonach "Cé's na mná dá réir sin do dhéanfadh gach aon rud.
Do shníomhfadh bréid agus anairt chaol"
Casóg sgiurtach nó cóta fada agus bríste glúnach a bhíodh ar na fearaibh, bróga íseal agus hataí árda; bhíodh gúnna(leanann ar an chéad leathanach eile)