Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Port Omna
- XML Leathanach 0249
- XML “De Búrca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In dheire na dómhadh aoise deág chuir an Búrcach faoi sa limistéir tíre idir Sliabh Eachtgha agus Baile'n Ródhba. Bhronn Rí Shasana an cúige air, agus déamhan mórán nach néall dubh bagarthach ar speártha an náisiúin a bhí i gcomhnuidhe ann agus má bhí leas beag do ghrádh dá thír dhá shoillsiú corr-uair is amhlaidh a d'feil sé dó i gcúrsaí a ghnótha. Ní aidhbhéil a rádh gur lean an tréith sin go dlúth dá shliocht ó ghlúin go glúin anuas go dtí an duine deire de'n chlainn - duine nach raibh ag deánamh annidhe dhó ar feadh a shaoghail acht a bheith "ag cruinniú píosaí is ag déanamh stóir", nach raibh do shaoghal aige acht saoghal an stiocaire, agus de bhás acht bás an stiocaire agus d'fág ciote an stiocaire in a dhiaidh.
Ar dtúis d'ionnsuigh sé an Flaithbhearthach agus dhíbrigh siar as Magh Seola go Conamara é.(leanann ar an chéad leathanach eile)