Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 004
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Bóithre an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhiaidh sin.
Níl aon duine ins an mbaile seo anois ós cionn seachtmó bliadhain; ach tá bean ins an gcomharsanacht atá indon an Ghaedhilg a labhairt go líomhtha. Tá sí ós cionn seachtmó bliadhain agus is minic a chaith mé tráthnóna fada ag éisteacht lei. Seo é a h-ainm agus a sloinneadh:
Bean Uí Bhótháin, An Cuppach, Mághcuilinn, Co. na Gaillimhe.
Tá go leor sean-fhothrach ins an mbaile seo, agus in a measc tá sean-chill. Tá cúig clocha móra le feiceál agus carn.
Aodh Ó Maidín
Cill a'Clogáin
'Sé m'athair Tadhg Ó Maidín a d'innis an méad seo dham. - Is faoi na bóithre atá i bparróiste Mághcuilinn atá fuaim innseacht anois. Tá go leor, leor acu ann, is fíor. Séard iad na bóithre ná: An Bóthar Mór, (idir sráidbhaile Mhághcuillinn agus an Chnoc - ar bord locha Coirb), bóithrín: An Chuppach, ó Ghort a' challa go dtí an Chuppach. Tá bóthar ag rith ó Tulach Aoidheáin go Port Darach ar bhruach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Aodh Ó Maidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Maidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe