Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 062
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Féilí na Bliadhna.Lá 'le Stiopháin:- teigheann buachaillí óga thart leis an dreóilín. Bíonn rann á rádh aca. Seo é:- "Dreóilín, dreóilín rí na n-éan, is mór é do mhuinghín is beag thú féin; éirighe suas a bhean a' tíghe beir ar sgian do chosa buidhe, agus gearr amach piosa de'n dreoilín is fearr stuaim ná neart."
Lá'le Bríghde:- teigheann buachaillí thart leis an mBrídeóg. Deireann siad rann freisin. Lá 'le Pádraic:- ainm eile air:- lá na seamróige. Caitheann gach duine seamróg an lá sin. An Inid: Ó'n chéad lá d'en bhliain go dtí Ceadaoin na luaithreadh, - sin é an Inid. Mart na hInide:- Bíonn fus mór ar dhaoine ag pósadh an lá sin.
Diardaoin na Caomaoine:- an lá roimh Aoine an chéasta. Aoine an Chéasta:- an lá ar céasadh Críost ar Calbhraí. Satharn, Domhnach agus Luan Cásga. Itheann daoine go leor uibheacha Domhnach Cásga. bionn lá saoire ag gach duine luan (Cingcíse) Chásga. Domhnach Cingcíse:- tógtar uisce na Cingcíse abhaile ó'n tséipéil an lá sin.
Lá Bealtaine:- an chéad lá de Shamhra. Cuirtear suas an Crainnín Bealtaine an oidhche roimh lá bealtaine chun na sídheógaí do choinneál amach. Cuirtear isteach an oidhche sin. Seo sgéilín a (chur) chuir trí ba bainne isteach sa cró, oidhche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann