Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 038
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad chun cabhruigthe agus pící agus laighthe acu.
    Marbhuigh siad fice duine de na "Redcoats" agus go ceann tamaill mar gheall ar sin bhí rí-rá mór ins an áit. Maidir leis an sagart ní raibh sé go ró-mhaith in a diaidh sin ach ní h-ionnan sin agus a rádh nach raibh sé indhon an t-Aifreann a leigheadh ina dhiadh sin. Bhí, agus do mhair sé i bhfad in a diadh sin, freisin.
    Aodh Ó Maidín
    Cill a Chlogán
    ‘Sé m’athair, Tadhg Ó Maidín, a thug an méid seo dham.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sean-sgéal
    Is fadó an lá anois i bhfad bhfad roimh aimsear Phádraig Naomhtha bhí flaith san áit seo agus bhí mac aige darb ainm Donnchadh Ruadh. Fear óg uasal mín éasgaidh dob'eadh é agus iar sin bhí sé in a mharcach breagh.
    Lá amháin, go moch ar maidin chuaidh sé ag folcadh ar Loch Oirbsean mar ba ghnáthach leis, go raibh sé ag cuir air a chuid éadaigh arís. Is annsin a chonnaic sé bád beag ag teacht chuige ar dhruim na locha. Bhí suas le sgór daoine innte cheap sé i dtosach, ach nuair a tháinig sí i dtír ní raibh innte ach sgológ beag amháin a raibh paca cartaí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge