Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 032

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 032
  3. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”
  4. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé amhlaidh. Dubhairt an Naomh go ndéanfadh sé fairiughadh leis, an oidhche sin. Dubhairt sé leis freisin go raibh sórt faitchís air gurb é an diabhal a bhí ann.
    Mar sin féin chuaidh sé go dtí an teach moch go leor sa tráthnóna agus duine dá chuid mánach agus leabhar mór ag gach duine acu. Nuair a tháinig sé go dtí an teach dubhairt sé leis an fear dul in a chodladh, agus dá mba' é an diabhal a bhí ann go dtiocfadh sé san lá.
    Ní raibh siad i bhfad ann gur tháinig an diabhal agus thug an Naomh sgeilp dó de bhachall. Amach leis an diabhal agus do lean an Naomh agus a mhanach é agus chuir siad amach thar na sléibhte é. Séard adubhairt an Naomh in a dhiaidh sin: "Bhí muid leis ariamh" adeir sé "gur chuir muid amach thar "Tul na Sgeiche" é is gur chuir muid i loch annsin é agus ní fillfidh sé aríst go réidh"
    Tá a lán daoine ainmnighthe "Nioc" in a dhiaidh. Is ar an séamhadh lá de Nodlag atá a fhéile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Áit-ainmneacha
    Ins an áit s'againne níl coill nó gleann nó áit ar bith eile nach bhfuil ainm ar leith ar an áit. seo cuid acu:
    Goirtín na cille: Bhí cill ins an ngort seo fadó, agus is ó'n gcill sin a h-ainmnigheadh an bhaile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe