Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Laethanta Áirithe”
  4. XML “Seanchas Stairiúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a bhíonn daoine ag déanamh tíghthe tosuigheann siad ar an obair chun go mbeadh sé réidh acu ar an céad Aoine de Bhealtaine, agus teidheann siad in a gcómhnuidhe ionnta ar an chéad Aoine de Bhealtaine. Bíonn ádh ar an líon tighe a theidheann in a gcómhnuidhe i dteach nuadh ar an céad Aoine do Bhealtaine .

    Oidhche Nodlag ní dhúnann siad an doras chor ar bith. Coinnigheann siad fosgailte é leis an Maighdean Muire a leigint isteach. Ní chaitheann siad amach an luaithreadh an lá sin ar eagla go salóchadh sé brat na Maighdine Muire.
    Aodh Ó Maidín
    Cill A’Chlógain
    “Sé m’athair, Tadhg Ó Maidín a d’innis an méid seo dham”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Seanchas Stairiúil
    In aimsir Fhinn Mhic Cumhall bí a lán tuirc-fhiadháin le fághail i gConnacht. Ar aon chaoi tháinig Fionn ‘gus a cháirdí go dtí an ceanntar s’againne. Bhí flaith ins an áit seo san am sin darbh ain “Muircheartach” agus bí draoidheacht éigin a g gabháil dó: ach ar aon chaoi bhí fearg an-mhór ar an bhflaith nuair a chuala sé go raibh na Fianna ag fiadhach ar a chuid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Ó Maidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Maidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe