Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 053
- XML “Paidreacha”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis. Seo cuid de.
Ofráilimíd suas ár paidreacha ag glacadh buidheachais lé Dia, l'én A aon Mhac naomhtha lé trócaire agus grádh, agus lé trócaire ar ár n-anamnaibh, lé trócaire ar anamnaibh ár aithreacha agus máithreacha agus go speisíalta m'anam féin ar an lá deireanach agus seacht sinnsear an tighe seo. - Chuala mé sean-scéal sa mbaile, acht níl fhios agam cé'n uair a thárla an eachtra atá innse inntí. Seo é.
Bhí triúr (dr)dearbhratháir ins áit seo uair. Bhí a máthair ina chomhnuidhe in éinfeacht leo. Bhí beirt aca pósta ins an teach. Níor mhaith leis an beirt pósta an máthair a bheith i ngrádh leis an mac b'óige níos fearr ná leo féin. Oichdhe amháin bhí an mac imthighthe agus mharbhuigh an beirt an mháthair. Nuair a tháinig an mac eile abhaile, thóg sé a mháthair leis, agus d'imthigh sé leis. Bhí sé ag imeacht go maidin agus ar deire chonnaic sé droichead agus dubhairt sé go leigfeadh sé a scíth. Shuidhe sé síos ar an chlaidhe agus chonnaic sé teach i bhfad uaidh. D’fhág sé a mháthair annsin agus d’imthigh sí leis suas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe