Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 025
- XML “An Doineann”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a thosuigh an gaoth ag séideadh. Is ar éigean a bhain sí amach an teach. Bhí an muinntear eile ag guidhe taobh istigh nuair a tháinig sí go dtí an doras íota. Thug sí cnap do’n doras. Níor chualadh muinntear an tighe í. Annsin bhí an oiread sin eagla uirthi gur thug sí aon speach mór amháin dó is gur bhris sí an maide Éamuinn. D’osgail sí an doras ach is annsin a thárla an rud ba mheasa dá bhfaca tú ariamh. Shéid an gaoth isteach tríd an doras fosgailte is gur scuab sí léite an teine. Thuit cuid d’en díon isteach gur thosuigh sé ag lasadh. Dóghadh an teach agus chuile dhuine ann ach an cailín cracáilte. Rith sí sin léithe gur bualadh a ceann in aghaidh balla is gur marbhuigheadh í. Tharla beagnach an rud céadna de go leor lanamhain eile. Bhí an t-éirighe in áirde ag teach tar na daoine in aimsir Uí Conaill ach in a dhiaidh sin bhíodar comh bocht is bhíodar ariamh gan teach gan faic ach iad mar na tinncéirí.
- In aice leis an sgoil s'againne - scoil Thulaigh Aoidheáin - timcheall is leath-mhíle siar uaithe tá tobar beannuighthe ann. In aice leis an bportach atá sé. "Tobar Bréandán" a tugtar air. Gach Aoine tugann daoine cuairt air(leanann ar an chéad leathanach eile)