Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 056

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 056

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 056
  3. XML “Na Fataí”
  4. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Fóghmhair. Cuireann siad i bpoll annsin iad ar feadh an Gheimhridh agus cuireann siad cré ós a gcionn agus sgráthanna os a chionn sin agus cré os a chionn sin arís.
    Ní cuirtear gach cineál fataí le chéile i bpoll amháin. Cuirtear na fataí bána i bpoll amháin, na fataí dubha i bpoll eile agus na fataí beaga i bpoll eile. Tugtar na dubha de na fataí bána de na cearca agus de na beithidhigh. Itheann na daoine na fataí bána agus tugann siad cuid aca de na muca nuair a bheadh sé i n-am iad a dhíol.
    Maighréad Bairéad
    Is ó m'athair
    Pádhraic Bairéad
    lurgain
    Roscathail
    A fuaireas an t-eolas thuas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Reilig
    Tá dá reilig san áit seo. Seo scéal faoi cheann acu. Bí éan ann uair amháin agus bhíodh sé ag ithe na gcorp. Bheadh an corp ithte ag an éan ar maidin.
    Timpeall an ama seo bhí bean in-a cómhnuide in aice na reilige agus bhí triúr mac aicí. Dubhairt sí leis an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge