Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 047
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML “An Chuinneog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Droichead ar loch, gan maide, gan cloch.
    Freagra: leac-oidhre
    Cómh bán le sneachta,
    Cómh dearg le fuil,
    Cómh h-árd le caisleán,
    Cómh milis le mil.
    Freagra: Ubhall.
    Corcán óir lán d’fuil beó.
    Freagra: méarachán.
    Ceithre cosa ar thalamh, dhá chois ar thalamh, ceann an duine lé tóin an ainmhnidhe.
    Freagra: Bean ag bleágh ghabhair.
    M'athair mór ar chúl an chófra agus dhá chéad cóta air.
    Freagra: Gas gabáiste.
    Cé'n taobh den chupáin, a bhfuil an chluas air.
    Freagra: ar an taobh amuich.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Anois tá orm a innsint fé’n gcuinneóig. Nuair a bhíonn an bainne tar éis bheith blighte, tugtar leamhnacht uirthi. Annsin nuair a a bhíonn sé ina staic mar adeirtear cuirtear sa gcuinneóig í. Annsin déantar í agus nuair a bhíonn an im tógtha aisti
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge