Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 011
- XML “Seaniarsmaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon sean chrois ins an mbaile s’againne, ach tá carn mór in áit ar a dtugtar “Suidheachán” ins an bhaile s’againne. Tá sgéal ag na sean-daoine timcheall na h-áite faoi an charn seo, go fóill. Níl a fhios acu an fíor an sgéal seo nó nach fíor ach seo é an sgéal:
Ins an droch-aimsear fadó, bhí ar gach baile saighdiúr a bheathúghadh. Ar chaoi ar bith bhí san mbaile s’againne boc do shaighdiúir agus ní bréag boc a thabhairt air. Bhí folt gruaige air síos go guailnibh.
Ins an am sin ní raibh leath a ndóthain le nithe ag na daoine féin gan trácht ar saighdiúr a choinneál. Bhí go maith is ní raibh go holc. Tháinig an Chásg ins an mbhliadhan seo; ar feadh Domnaigh Cásga ar fad bhí an saighduír amuich ag druideamh leis na saighdiúirí eile. Nuair a tháinig sé isteach in árd tráthnóna agus ocras a sháith air in dhiaidh an lae, diabhal blas aráin a bhí déanta ag bean a’ tighe. Is annsin a bhí an ríra ar siubhal. Chuir an saighdúir - Cúl Dorcha a bheadh a ainm - iallach ar bean a’ tighe cáca a dhéanamh agus é a chur síos ag bácáil.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Ó Maidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Maidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)