Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 031

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 031

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 031
  3. XML “An Drochshaol”
  4. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí an Tighearna Talmhan a bhí san áit seo an-grádh-diamhail agus bhiodh sé ag tabhairt an gráinn a thugfaidís dó mar cíos ar ais dóibh arís
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Naomh Pátrúin an Cheanntair.
    Deireann cuid de na daoine é seo agus cuid eile díobh é siúd faoi Naomh Pátrúin an pharróiste, ach deireann an cuid is mó des na daoine gur Naomh Nioclás, Naomh Pátrúin an pharróiste seo, agus sílim gurb é freisin mar tá go leor áiteacha ainmnighthe go fóill in a dhiaidh. Tá áit sa Churrach agus sé an t-ainm atá air ná "Cill Niocláis. is dócha go raibh cill aige annsin fadó. Tá agus "Caladh Niocláis" ann freisin, áit a bhíodh a bhád in a luighe.
    Tá scéal acab, timcheall, faoi miorbhúilt a rinne sé. Seo é an caoi go bhfuil sé:
    Bhí fear san parróiste seo san am a raibh an Naomh ann agus gach oidhche nuair a theidheadh sé ina chodladh thagadh toirt mór agus luigheadh sé ar a dhruim agus luigheadh sé go trom freisin agus leigeadh an rud cnead mór ar. Eireothadh an rud ar nuair a bheadh sé ag éirighe agus ní fheiceadh sé é cor ar bith. Mar sin féin tháinig faitchíos an-mhór ar an bhfear agus dubhairt sé go rachadh sé go dtí an Naomh agus go n-innseothadh sé dó é. Rinne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge