Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 004
- XML “An Bhean agus a Triúr Mac”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an buachaill leis agus casadh an fear céadna dhó is bhí air an obair chéadna a dhéanamh. Ar maidin chuir sé amach iad agus thug sé isteach aríst trathnóna iad. 'Sé an áit ar chuir sé ar maidin iad isteach i bpáirc le fáthach. Trathnóna tháinig an fáthach go dtí é agus chuaidh sé fhéin agus an fáthach ag troid agus mharbhuigh sé an fáthach agus thug sé abhaile na beithigh agus na coilm.
(gan teideal)
“Amadán a chur ar theachtaireaht is measa ná sin óinseach.”
1. Amadán a chur ar theachaireacht, is measa ná sin óinseach.
2. An cheird atá sa mbaile 'at leanann sé ar chuairt thú.
3. Cuairt gearr is a dhéanamh go h-annamh bíonn sé i gcomhnaidhe buidheach.
4. Níl saoi gan locht.
5. Ní fheictear d'aoinne a lochtai féin.
6. An té a bhíonns amuigh fuarann a chuid.
7. An rud a théigheanns i bhfad téigheann sé chun righeanadas.
8. Is fusa dul thar dhoras tighe gan mada.
9. An té nach smachtóchaidh Dia ní smachtóchaidh duine.