Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 008
- XML “Máire agus an Bheirt Fhear”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear anuas agus chuaidh sé siar go dtí doras an tseomra agus d'fhiafruigh sé dhuithe céard a bhí sí ag déanamh. Agus dubhairt sí go raibh sí ag cur a chodladh na páistí agus ('séard an) 'se an rud a bhí sí a' dhéanamh ag cuartúghadh guna le fear a' tíghe. Annsin fuair sí guna agus chaith sí urchar leis an bhfear agus bhain sí an tsúil as agus d'imthigh sé.
Annsin tháinig dhearbhráthair agus mharbhuigh sí é. Annsin nuair a tháinig fear a' tíghe bhí sé ag ceapadh go raibh Máire agus na páistí marbh agus dubhairt sé go dtiubhradh leath a chuid airgid dhuithe dhá dtagadh sí fhéin agus na páistí amach. Tháinig, Máire agus na páistí aniar agus thug sé leath a chuid airgid dhuithe.
Annsin faoi cheann tamaill tháinig fear dhá h-iarraidh le pósadh agus chuaidh sí in éinfheacht leis. Nuair a bhí siad sgathamh ag siubhal shuidh siad síos agus d'fhiafruigh an fear de Mháire an bhfaca sí aon nidh. Dubhairt sí nach bhfaca, Annsin d'fhiafruigh sé aríst dhí agus dubhairt sí an rud céadna. "An bhfeiceann tú mo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire, Bean Uí Finneachta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe