Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 009](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_009.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 009
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 009
- XML “Máire agus an Bheirt Fhear”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shúil" adeir sé "a bhain tú asam agus mharbhuigh tú mo dhearbhráthair". Annsin thug sé leis I agus cheangail sé í le shabhraibh agus d'imthigh sé fhéin agus beirt fhear eile ag iarraidh ruda le h-aghaidh í a dhóghadh. Nuair a bhí siad imthighthe tháinig bean agus sgaoil sí Máire agus rith sí go dtáinic sí suas le fear a raibh cárr féin aige agus chuir sé isteach san gcárr í. Nuair a bhí sé sgathamh ag siubhal tháinig na fir suas leis agus d'fhiafruigh siad dhe an bhfaca sé aon bhean. Dubhairt sé go ndeacha sí amach sa loch. Dubhairt siad nach ndeacha acht go raibh sí san gcarr leis fhéin. Bhí siad ag dhul ag chaitheamh an fhéir as an gcárr agus dubhairt seisean go n-innseóchaidhe ortha é agus d'imthigh na fir uaidh. Annsin nuair a tháinig sé go dtí teach Mháire leig sé amach as an gcárr í agus chuaidh sí isteach san teach. Annsin tháinig an fear ar bhain sí an tsúil as isteach agus bhain sí an cloigeann dhe le scín agus d'imthigh sé fhéin annsin.
- Faisnéiseoir
- Máire, Bean Uí Finneachta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe