Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 011
  3. XML “An Sagart Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an doras agus d'fhiafruigh an sagart cé bhí ann. Dubhairt duine éicint taobh amuigh gur sean-bhean bocht a bhí ag dul amúgha san gceó agus dubhairt sí leis an sagart í a leigean isteach. Annsin dubhairt sé nach leigfeadh, nach bhféadfadh sé aon nduine a leigean isteach ach nach raibh tighthe i bhfad uaithe a leigfheadh isteach í. Chuir sí fhéin isteach an doras agus tháinig anuas chuig an teine.
    Bhí an sagart ag breathnú uirthi agus bhí sé ag ceapadh gurb í an bhean ba deise í a chonnaic sé ariamh agus dubhairt sé sa deireadh leithe go gcaithfeadh sí fanacht in éinfheacht leis. Dubhairt an bhean nach bhfanfadh mur a dtugadh sé sgríobhtha ar pháipéar dhuithi go mba leithe go deó é agus tigh an sagart duithe é.
    Ar maidin nuair a dhúisigh sé, chonnaic sé dhá adhairc uirthi agus ba í máthair an diabhail a bhí ann. Annsin chuaidh sé go dtí an t-Easbog agus d'innis sé an sgéal dhó agus dubhairt an t-Easbog leis nach raibh sé fhéin in ann aon mhaith a dhéanamh dhó, go gcaithfeadh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0756B: The Devil's Contract
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire, Bean Uí Finneachta
    Inscne
    Baineann
    Aois
    57
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe