Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 026
- XML “An Fear a Bhí faoi Gheasaí”
- XML “An Fear agus a Thriúr Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Fear a bhí faoi Gheasaí
Bhí fear ann fadó & fadó bhí. Bhí sé faoi gheasaí annsin gan stopadh ach chuile chorp dá gcuirfidhe sa roilig a thógáil & a ithe. Ní fhéadfadh sé stopadh go séanfadh bean óg é seacht n-uaire.
Bhí go maith & ní raibh go h-olc go dtí lá a raibh sé ag ithe chuirp a bhí thar éis a chur & bhí cailín óg a dul thart dár b'ainm Eibhlín Cailín, & chonnaic sí é ag tógáil chuirp & dá ithe. Rith sí sin le n-a h-anam, & bhí ribín ar a cúl, & leis an an-bháthadh a bhí uirri chaill sí an ribín. Fuair an fear seo an ribín & lean sé de & tháinig sé suas léi. 'Sé an t-ainm a uirthe - sé Eibhlín Cailín.
"Muise, Eibhlín Cailín" adeir sé, "a bhfaca tusa tada nó ar chaill tú an ribín".
"Muise" deir sí, "ní fhacha mise tada & ní mé a chaill an ribín".
Ach bhí sé ag tigheacht go dtí í an oiread uaireannta 'gus 'na dhiadh sin féin choinnigh sí dhá shéanadh an oiread uaireannta nó go dtí sa deireadh labhair sé féin agus d'fhreagair - "Is maith an bhean thú" ar seisean. "Tá mise tóigthe d' dhraoidheacht anois aghad agus b'fhearr dhuit mé phósadh". Phósadh an bheirt aca & rinneadar gnótha maith in a dhiadh sin.- Faisnéiseoir
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ainmneacha eile
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe
- An Fear agus a Thriúr Mac
Bhí fear fadó ann agus bhí triúr mac aige. Cailleadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ainmneacha eile
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe