Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí siad sgatham maith amach ar an bhfairrge chuaidh siad suas i gceann an bháid & ghlaoidheadar air & dúbhairt - "Gabh i leith go bhfeicfidh tú an breac mór atá annseo". Chuaidh & nuair a bhí sé ag breathnú síos sa bhfairrge mór airigh sé ariamh gur caitheadh amach sa bhfairrge é agus gur báthadh é.
Chuaidh an triúr buachaillí abhaile & roinn siad an talamh eadtorra. B'fhada in a dhiadh sin a mhaireadar & ar feadh an ama sin níor tháinic troid ná easaontas eadtorra acht chaitheadar saoghal sona. - Sgéal Ridire na Fairrge
Bhí rí ins an domhan thoir fadó & bhí mac aige. Nuair a bhí sé bliadhan is fiche tháinig fear as an domhan thoir dár b'ainm Ridire na Fairrge. Thug sé leis é & nuair a bhí sé leath bealaighe amach ar an bhfairrge, d'fhuagar rí an domhain thoir air a mhac a thabhairt ar ais chuige faoi cheann lá agus bliadhain. Dúbhairt an Ridire go dtabharfadh. Tháinig an Ridire ar ais faoi cheann lá agus bliadhain agus bhí a athair ag iarraidh air fanacht sa mbaile. Acht dúbhairt an Ridire leis nách raibh sé sáthach foghlumtha & d'iarr sé é leigean i n-éinfeacht leis go ceann lá & bliadhain eile. Acht nuair a bhí sé leath bealaighe amach ar an bhfairrge, rinne an rí dearmad 'rádh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ainmneacha eile
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe