Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 032
- XML “Scéal Ridire na Farraige”
- XML “An Gasúr a Chuaigh go hIfreann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mharbhú ach nuair a chuala mac an ríogh an chainnt seo rinne sé éan de féin & d'imthigh sé leis san aer. Rinne an Ridire seabhach de féin & lean sé an t-éan. Nuair a bhí an Ridire ag teacht suas leis d'eiteall an t-éan isteach i dteach & rinne sé gráinne cruithneachta de féin. Tháinic an Ridire & ghlaoidh sé ar a chuid fear & thosaigh siad ag ithe na cruithneachtan, mar rinne sé sicíní díobh.
Níor bhfada go raibh an cruithneacht ithte uilig ach cúpla gráinne & bhí mac Rí Éireann ar cheann aca sin. Ní dhearna sé ach cat a dhéanamh de féin & bhí sé anuas sa mullach ar an Ridire & a chuid fear sul má d'fhéadh siad imtheacht. Annsin rinne an cat éan uathbhásach de féin & d'imthigh sé abhaile. Bhí fáilte mór ag a athair roimhe & d'órdaigh sé féasta a bheith 'na onóir. Mair sé seacht n-oidhche & seacht lá & bhí an ceann deireannach ní b'fhearr ná an chéad cheann. - An Gasúr a Chuaidh go h-Ifreann
Bhí bean ann fadó & phós sí. Ba ghearr 'na dhiadh sin go raibh mac aisi. Cailleadh a fear & phós sí aríst. Bhí an leas-athair an-ghéar ar an ngasúirín. Bhí sé ag cur 'chuile chaoi ar an ngasúr lé é chur chun bháis ach chinn sé air.
Bhí garrdha annsin ann & duine ar bith a ghabhfadh isteach ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ainmneacha eile
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe