Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 035](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_035.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 035
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)& d'ith sé a bhéile. Ní mórán fonn do bhí air a' ghabhail síos sa teach an triomhadh oidhche, ach thairg an duine uasal scór punt dó, chuaidh sé síos.
Amach i lár na h-oidhche tháinic fear geal aniar as an seomra, fear dubh & fear geal & fear dubh. Thosaigh siad ag bualadh a chéile, chuaidh an buachaill i gcongnamh do na fir gheala. Bhí sé féin & na fir gheala ag fághail an láimh i n-uachtar. Shuidh siad síos faoi cheann sgathaimh ag leigint a sgíthe. "A bhfeicheann tú iad sin anois" ars duine de na fir bhána. "Feiceann" ar seisean. "Bhí muid-ne ag obair & bhí siad-san 'na máighistrí orainn mar ba beirt mhac leis an mháighistir sin ort-sa iad. Ní raibh siad ag caitheamh an chirt linn-ne & tá muid-ne annseo ó fuair muid bás & beidh nó go n-íochtar na fiacha atá orainn". "A' bhfeicheann tú an tulán bruibh sin amuigh" ar seiseann. "Feiceann" ars an buachaill. "Tá pota óir faoi'n tulán sin & abhróchaidh tú le do mháighistir é thógáil, & na fiacha tá orrainn-ne íoch, & an méid a bhéas fághta, bíodh sé agad féin. Níl orainn-ne ach an méid sin anois go dtéidhidh muid caol díreach go dtí na Flaithis".
D'fhan an buachaill ann go maidin & d'imthigh siad-san in a mbealach fhéin. Tháinic sé abhaile & d'innis an sgéal don duine uasal. Thóig sé an pota óir & d'íoc sé fiacha an cheathrair a bhí caillte.
Bhí go maith is ní raibh go h-olc go dtáinig an oidhche & dubhairt an duine uasal leis go dtabharfadh sé sgór eile punt dhó "'á dtéidheadh sé sa teach anocht". "Ní feárr liom caoi a shaothróchadh mé roinnt airgid" ars an buachaill. "Ó thárla gur ar mo pháighe atá mé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ainmneacha eile
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe