Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a shroich sé an baile mór chuaidh sé isteach i dteach ósta lé na dhóthain a ól. D'ól sé agus d'ól sé a sháith. "Níor íoc tú é sin chor ar bith liom" adeir fear an ósta leis faoi cheann píosa. "Ó íocfadh mé anois é" adeir fear an chroicinn. "Tá croiceann annseo amuigh agam, agus níl aon bhuile dá mbuailfidh mé air nach dtuitfidh pinghinn nó dhó as" ar seisean. Rug ar a mhaide agus amach leis. Bhuail buille ar an gcroiceann, agus thuit pinghinn as, bhuail buille eile air agus thuit pinghinn agus pinghinn eile as.
"An ndíolfaidh tú an croiceann sin" adeir fear an ósta le Donall Ó Néara. "M'anm go ndíolfainn" adeir Donall. Cheannuigh fear an ósta a croiceann, ar chúig phunt. Ní raibh ann acht go raibh ceannuighthe ag fear an ósta ná cé a thiocfadh an bealach acht gréasuidhe. Shanntuigh an gréasuidhe bocht an croiceann. Cheannuigh sé é agus thug sé an oiread seo airgid air.
D'imthigh Donall abhaie lé na chúig phunt fhéin agus áthas a chroidhe air. Chuaidh sé ag iarraidh sgála ar Nidden lé h-aghaidh an airgid a mheadhchan. Thug sé dhó é agus mheádh sé é, Lean Nidden é no go bhfuigheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Cínde
- Ainmneacha eile
- Peadar Cínde
- Peadar Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe