Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 110](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_110.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 110
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 110
- XML “An tAmadán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)as an mbarraille. Thóig an t-amadán an corca as an mbarraille eile agus bhí sé dhá chur ó bharraile go dtí an ceann eile go raibh an poitín imthighte ar fud an urláir. Annsin thosuigh sé ag triomughadh an urláir le plúr.
Nuair a bhí an t-urlár triomhuighthe bhí an plúr fliucaighthe. Thosuigh sé ag caitheamh an phlúir amach. Chuimhnigh sé annsin go bhfliuchfadh an bhean a chosai ag dhul isteach.
"Déanfaidh mise bóthar le n-aghaidh", ar seisean. Thug sé leis na cácaí agus rinne sé bóithrín ó'n doras go dtí an teine. Nuair a tháinig a mháthair agus an bhean óg chonnaic sí an chaoi a bhí ar an teach.
Shíl an bhean óg gur len a gcuid saidhbhris a bhí an chaoi sin ar an teach. Chaith an mháthair amach iad agus chuaidh sí ag tógáil na féola. Céard a leagfadh sí ag an mbean óg acht an gadhar. Ar an nóiméad rith an bhean óg is ní fhaca siad amharc uirthi uaidh sin amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóirín, Bean Uí Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe