Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 111](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_111.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 111
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 111
- XML “An tAmadán”
- XML “An Fear Bocht agus an Fear Saibhir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[Seán Breathnach (Ruaidhrí), Leitir Mór na Coille, RosMuc, a d'innis an dá sgéal seo. Trí sgóir atá Seán agus tá comhnuidhe air san áit 'nar rugadh is tóigeadh é.]
- Bhí fear bocht agus fear saidhbhear ann uair. Dubhairt duine acu go mgabhfadh sé ag saothrú airgid. 'Sé an áit a ndeachaidh sé acht go h-Ifreann. Nuair a chuaidh sé go h-Ifreann, 'sé an áit ar cuireadh é ós chionn teine mhóir.
Tháinic an máighistear thart lá agus d'fhiafruigh sé dhé cé'n chaoi a dtaithnigheann an áit sin leis. Dubhairt sé go dtaithnigheann sé go maith leis. Dubhairt an máighistear leis na daoine a bhí ag freastal air tuilleadh teine a chur faoi. Tháinic an máighistear thart lá eile agus d'fhiafruigh sé dhe cé'n chaoi a dtaithnigheann an áit leis.
"Maith go leor", adeir an fear.
Dubhairt sé leis an daoine tuille teineadh a chur faoi. Tháinig sé thart an tríomhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe