Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 125
- XML “An tAthair agus a Thriúr Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ag dul ar thuras. Bhí an-deifir air chomh maith. D'imthigh sé ag siubhal chomh tréan is bhí sé in ann. Nuair a bhí sé tamall maith ó'n teach chuimhnigh sé nár dhubhairt sé a pháidrín ar maidin le deifir.
Casadh ag sean bhalla é. Chuaidh sé ar a dhá ghlúin agus dubhairt sé a pháidrín. Nuair a bhí sin déanta aige shiubhail sé leis aríst. Tháinic sé abhaile nuair a bhí sé 'na mheadhon-oidhche agus ní raibh a pháidrín aige. Bhí fhios aige cé'r fhága sé é; ag an sean-bhalla.
Dubhairt sé leis an mac ba shine a dhul dhá iarraidh dhó acht dubhairt sé nach ngabhfadh go raibh sé ró-dheireannach. D'iarr sé ar an dara mac a dhul 'na choinne dhó acht bhí an sgéal céadna aige san is bhí ag an gcéad duine acu. D'fhiafruigh sé do'n mhac do b'óige a dhul dhá iarraidh dhó ar deireadh.
Dubhairt seisean go ngabhfadh agus fáilte. Shiubhail sé leis go dtí go dtáinic go dtí an áit ar dubhradh leis. Fuair sé an paidrín agus chuir 'na phóca é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán O Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe