Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 129
- XML “Fear a Bhí ag Dul ag Pósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí é. Chuaidh an rud ar a druim.
"Tóg mise go dtí an chéad teach eile", adeir an rud léithí.
Bhi faitchíos uirthi annsin acht mar sin féin d'imthigh sí léithi go dtí an chéad teach.
"Ní féidir liom a dhul isteach annseo mar atá an páidrín dhá rádh ann", adeir an rud leis an mbean.
"Caithfidh tú mé a thabhairt go dtí an chéad teach eile".
D'imthigh an bhean leí. Acht nuair a scroicheadar an teach eile bhí uisce na gcos dá chaitheamh amach annsin agus níor fhéad an rud a dhul isteach.
"Caithfidh tú mé a thabhairt go dtí an chéad teach eile", dubhairt an rud léi.
D'imthigh an bhean léi go dtí an chéad teach.
"Seo é a teach atá uaim", adeir an rud.
Chuaidh sé isteach. Bhí bean agus fear a' tighe ag troid. Bhí an inghean tinn ar an leabaidh. Chuaidh sé go dtí í. Chuir sé chun[?] bháis í. Tháinic sé amach go dtí an bhean.
"Tabhair mise go dtí an áit a bhfuair tú mé", adeir an rud léi.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Beairle Cuimín
- Ainmneacha eile
- Beairle Cuimín
- Beairtle Ó Flaithbheartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe