Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 130

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 130

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 130
  3. XML “Fear a Bhí ag Dul ag Pósadh”
  4. XML “Fear agus Bean agus a dTriúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Níl mé in ann", adeir an bhean. "Caithfidh tú", adeir an rud.
    D'imigh siad leo go dtáinic siad go geata na roilige. Glaoidh an coilleach Mhartain. D'imthigh an rud dá druim agus cuaidh sí go dtí an teach slán sabháilte. Nuair a tháinic sí go dtí a
    h-athair, dubhairt sé léi a dhul go dtí an áit a raibh sí aréir.
    "Bíodh foighid agat", adeir an mháthair, "Níl a fhios agat cá raibh sí.
    Bhí an t-athair ag dul ar shocraide. Chuaidh sí in éinfheacht leis go dtí an teach. Chuaidh sí isteach sa seomra. Chuir sí gach duine as. Chuaidh sí go dtí an bhean a bhí ós cionn cláir. Thug sí a cuid fola agus min choirce do'n bhean agus bhí sí chómh maith is bhí sí ariamh. Bhí a fhios ag a h-athair cá raibh sí an oidhche roimhe sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.