Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gach lá agus mharbhuigheadh sé dhá bhreac gach lá. Oidhche amháin dubhairt an bhean ná ndéanadh siad rud eicínt elis an triúr mac go mbeadh an méad iasc a mharbhóchadh sé acu féin.
Lá amháin chuir siad amach sa stábla an bheirt mhac ba shine acu. Bhí an mac a b'óige ag leigean air féin go raibh sé na chodladh ar an teallach agus i lár na h-oidhche chuaidh sé amach gus sgaoil amach an bheirt eile. Lasadar an cró. D'imthigh duine acu síos, duine acu siar, agus duine eile soir.
An duine a chuaidh síos casadh fear leis. D'fhiafruigh sé dhe cá raibh ag dul. Dubhairt sé gur ag féachaint an bhfuigheadh sé aimsir. D'iarr an fear é ar feadh bliadhna agus nuair a bhí sé istigh aige d'imthigh sé leis.
Bhí sé ag siubhal gur casadh ag cros-bhóthar é agus annsin a tháinig an bheirt eile suas leis. Chuaidh siad go dtí an teach agus d'iarr siag ar an máthair cé raibh an t-athair. Dubhairt sí go raibh sé ag iasgach ar an bhfairrge agus dubhairt siad leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Beairle Cuimín
- Ainmneacha eile
- Beairle Cuimín
- Beairtle Ó Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe