Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 158
- XML “An Gadaí Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Níl aon dul agat uirthi i gcorp an laé," ars an bitheamhnach mór. "Ní raghadh aon amadán ag trial uirthi anois. Bheadh beirthe láithreach ort!"
Níor ghéill Seán do agus bhuail sé síos chun cúirte an duine uasail. Bhí an gaduidhe críonna thíos agus dúbhairt sé leis féin na cídhfheadh sé Seán go deó airís.
Bhuail Seán síos agus bhí sé ag máirseáil timcheall cúirte an duine uasail. D'eirig an duine uasal amach agus bheannuig sé do Sheán, agus bheannuig Seán do. D'fiafruig an duine do cad a bhí uaidh, nó cad a thug chuige é.
"Níor thug aon nidh," arsa Seán, "ach tá fear ansan thuas, an fear is aite d'á bhfeaca riamh; tá sé ag luighe is ag eirghe fé mar a bheadh sé chun rud éicin a ghoid."
"O sé an bitheamhnach mór atá tagaithe indiu airís," ars an duine uasal.
Glaoidh sé ar a bhuachaill agus ar a bheirt mhac agus b'seo suas iad agus b'seo an bitheamhnach sa t-siúbhal. Lean an ceathrar é ar saothar. D'imthig siad thar dhruim an chnoic ó Sheán agus thuit an oidhche agus iad ina dhiaidh. Níor dhein Seán ach iompódh isteach sa tseómra agus an stail a tharrac amach agus preabadh anáirde uirthi agus í d'árdach leis. B'éigean do'n duine uasal agus d'á chómhluadar casadh abhaile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann