Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 280
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tómhaiseanna.
Máighread Ni Cearna , scoláire scoile a bhailig dom iad.Chuadhas 'on tráigh. Fuaireas faid mo mhéire do'n adhmad bán. Dheineas long, dheineas bád, is d'fhan an chuid eile do'n adhmad slán.----Cúbhrán ban.
Píobaire agus a bhean, peidléir a's a mháthair, agus ní raibh ann ach triúr. Connus san----- Mac do'n bpíobaire an peidléir.
Bhí triúr driothár ag gabháil thar roilig,
"Raghad isteach ag rádh paidear do mhac mo dhriothár" arsa an chéad fhear
"Déanfhad-sa an rud ceadna"ars an dara fear
"Ó! Ní gádh dhomsa dul isteach in aonchor. Níl a leithéid sin do dhuine ann liom " ars an tríomhadh fear. An raibh an ceart aige ?
---B'é mac an tríomhadh fir a bhí caillte. Ni raibh aon mhac dritheár aige gan dabht.- Bailitheoir
- Máighréad Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann